Conas an seomra a chur in áirithe:
- Seiceáil an bhfuil an seomra ar fáil san fhéilire thíos
- Comhlíon an fhoirm ag bun an leathanaigh seo. Mura bhfuil do thionscadal i dtairseach Scientix go fóill, cuir in iúl dúinn trí mheán scientix (at) eun.org
- Taobh istigh de 2 lá oibre, cuirfidh Scientix r-phost deimhnithe duit agus cuirfear d’ócáid isteach san Fhéilire.
Faisnéis thábhachtach:
- Gheobhaidh tú r-phost a bhfuil nasc ann le dul isteach sa tseomra cruinnithe. Tá faisnéis sa r-phost sin a chaithfidh tú roinnt leis na rannpháirtithe. I gcás ócáidí “poiblí” amháin, cuirfear an nasc seo isteach san Fhéilire agus cuideoidh Scientix leat scéal na hócáide a scaipeadh.
- Osclóidh Scientix an seisiún tuairim is 20 nóiméad roimh an chruinniú. Le linn an ama seo beidh tú ábalta dul isteach sa tseomra agus tabharfaidh Scientix ról an láithreora agus an óstaigh duit le do sheisiún a ullmhú sula dtaga na rannpháirtithe eile.
- Más tusa an t-óstach, ná fág an cruinniú roimh deireadh an tseisiúin, le do thoil. Nuair a imíonn an t-óstach, cuirtear deireadh leis an chruinniú do chách agus ní féidir é a oscailt arís.
- Fanfaidh ionadaí Fhoireann Scientix go ceann 10 nóiméad ag tús an tseisiúin le fadhbanna teicniúla a réiteach, ansin imeoidh sé/sí ar son phríobháideachas an chruinnithe.
- Nod leat go mbeidh Sleamhnán Fáilte ann ó Scientix a chaithfidh tú a thaispeáint do na rannpháirtithe go léir ag tús an chruinnithe.
- Má ba mhaith leat an seisiún a thaifeadadh, brúigh an cnaipe “Taifead” sa roghchlár Mhearthosaithe.
- Tá cead úsáid Sheomra Cruinnithe Ar Líne Scientix a iarraidh ag: 1) Tionscadal ar bith atá ann i dtairseach Scientix; 2) Ambasadóirí Scientix; 3) Pointí Náisiúnta Teagmhála Scientix.
Faisnéis theicniúil:
• Is í uirlis Comhdhála Adobe Connect an teicneolaíocht a úsáideann an seomra cruinnithe ar líne
• Teastaíonn breiseán brabhsálaí Flash ó Adobe Connect. Coinnigh é agus breiseáin eile an bhrabhsálaí suas chun dáta i gcónaí chun Adobe Connect a úsáid mar is fearr agus mar is sábháilte.
Séanadh
Níl Scientix freagrach as deacracht ar bith a thagann as úsáid Sheomra Cruinnithe Ar Líne Scientix.
BOOK A MEETING IN THE SCIENTIX ONLINE MEETING ROOM HERE