Téigh i dteagmháil lenár gcuid ball
Is léibheann comhphobail rathúil é Scientix a chuidíonn leat teagmháil a dhéanamh le daoine eile, le tionscadail eile agus le heagraíochtaí eile in oideachas eolaíochta ar fud na hEorpa, agus an domhain! Is féidir le gach úsáideoir atá cláraithe i dtairseach ar líne Scientix dul i dteagmháil le baill eile, má cheadaíonn a socruithe príobháideachais é agus mura bhfuil sé ar son tráchtála. Le huirlis péireála Scientix agus le comhrá Scientix is féidir le húsáideoirí dul i dteagmháil lena chéile go díreach i bhfíor-am!Uirlis péireála Scientix
Le huirlis péireála Scientix is féidir le taighdeoirí agus le bainisteoirí tionscadal dul i dteagmháil le baill de chomhphobal Scientix (múinteoirí agus gairmithe eile oideachais) agus iarraidh orthu dul i gcomhar leo ar thionscadail agus ar thionscnaimh oideachais STEM.
Is é an phríomhaidhm a ceapadh don uirlis ná teagmháil a éascú idir múinteoirí eolaíochta agus tionscadail oideachais eolaíochta: is féidir eolaire na bpróifílí poiblí a chuardach de réir gairme ábhartha ar bith (m.sh. múinteoirí meánscoile, príomhoidí, srl.), tíre nó saineolais, agus dul i dteagmháil go díreach leis na baill a roghnóidh tú. Úsáid na scagairí thíos agus ansin cliceáil ar an chnaipe “Cuardaigh”; ansin féadfaidh tú do theachtaireacht a chur isteach.
Le húsáid a bhaint as an uirlis péireála caithfidh tú féin a bheith i do bhall cláraithe de chomhphobal Scientix agus ní mór duit a bheith sínithe isteach. Más mian leat go ndéantar teagmháil leat tríd an uirlis, cumasaigh an ghné seo i do phróifíl phoiblí.
Maoirsíonn foireann Scientix gach aon teachtaireacht.
Comhrá Scientix
Agus tú cláraithe agus sínithe isteach mar úsáideoir thairseach ar líne Scientix, thig leat comhrá Scientix a úsáid. Díreach i ndiaidh duit logáil isteach sa tairseach, feicfidh tú barra liath nua ag bun an tsuímh ghréasáin. Cosúil le Facebook Messenger, is féidir cliceáil ar an chluaisín “cairde ar líne” sa chúinne ar dheis ar fad le feiceáil cé eile atá logáilte isteach. Ach cliceáil ar an úsáideoir a bhfuil suim agat ann, thig leat tús a chur le bhur gcomhrá. Tá sé chomh simplí sin!
Trí chliceáil ar an chluaisín “Socruithe”, is féidir feidhmiúlachtaí an chomhrá a chur in oiriúint. Is féidir teachtaireacht phearsanta a chur, an comhrá a dhíchumasú nó fógraí faoi theachtaireachtaí nua a shocrú.