Comhphobal Scientix
Ócáidí líonraithe do thionscadail Oideachais Eolaíochta

Ag na hócáidí líonraithe seo do thionscadail oideachais eolaíochta, déantear comhordaitheoirí agus bainisteoirí tionscadal agus ionadaithe eile, ó thionscadail oideachais eolaíochta Eorpacha agus náisiúnta agus ó eagraíochtaí a bhfuil baint acu in oideachas STEM a chur le chéile. Is é cuspóir na n ócáidí seo taithí a roinnt agus a mhalartú ó thionscadail, a gcuid oibre a chur i láthair, agus éascú le comhar nua agus le comhpháirtíochtaí nua a chruthú. Díríonn gach ócáid ar ábhar nó ar dhúshlán faoi leith dá bhfuil roimh na tionscadail sin.
Seomra cruinnithe ar líne

Tá sé mar aidhm ag Scientix obair na dtionscadal oideachais eolaíochta éagsúla a fhaigheann maoiniú poiblí a éascú. Sa chomhthéacs seo, cuireann Scientix “seomra cruinnithe ar líne Scientix” ar fáil do thionscadail. Is féidir le tionscadal ar bith atá i leabharlann tionscadal Scientix cruinniú ar líne, seimineár gréasáin, ceardlann ar líne, srl. a chur sa sceideal do suas le 200 rannpháirtí.
Eolaire na bpróifílí poiblí

Cruthaigh do phróifíl phoiblí Scientix agus cuardaigh comhpháirtithe tionscadail nó téigh i gcomhar le do leathbhádóirí i dtíortha eile san Eoraip!
Is uirlis nua í eolaire Scientix na bpróifílí poiblí le haghaigh líonraithe agus cuardaigh comhpháirtithe a chuidíonn leat comhpháirtithe tionscadail féideartha an AE nó gairmithe oideachais STEM a bhfuil cúlra agus suimeanna cosúil leat féin acu a aimsiú. Thig leat daoine a chuardach de réir tíre, saineolais, ábhar nó céime, nó de réir eochairfhocal.
Leis an tairbhe iomlán a bhaint as an tseirbhís, tá ort clárú ar thairseach Scientix agus do leathanach Próifíle a líonadh.
Eolaire na bpróifílí poiblí |
Uirlis péireála Scientix

Le huirlis péireála Scientix, thig le taighdeoirí agus le bainisteoirí tionscadal dul i dteagmháil le baill chomhphobal Scientix (múinteoirí agus gairmithe eile oideachais) agus iarraidh orthu dul i gcomhar leat i dtionscadail agus i dtionscnaimh oideachais STEM.
Is í príomhaidhm na huirlise teagmháil a éascú idir múinteoirí eolaíochta agus tionscadail oideachais eolaíochta: is féidir eolaire na bpróifílí poiblí a chuardach de réir gairme ábhartha ar bith (m.sh. múinteoirí meánscoile, príomhoidí, srl.), tíre nó saineolais, agus dul i dteagmháil go díreach leis na baill a roghnóidh tú.
Téigh i dteagmháil lenár gcuid ball
COMHPHOBAIL CLEACHTAIS

Is é an rud atá i gceist le Comhphobail Cleachtais Scientix (CoP) fóram maoirsithe ar líne, a bhfuil saineolaí ainmnithe i gceannas air, mar ar féidir le múinteoirí STEM ábhair eolaíochta agus theicneolaíochta a phlé.
Sa spás seo tá bunléiriú faoin ábhar, agus sraith acmhainní úsáideacha mar treoirlínte ábhair in éineacht leis. Tá réimse mór ceisteanna oscailte ann le fiafraí fúthu agus le plé ag rannpháirtithe.
Is é cuspóir an CoP na rannpháirtithe a chur ag caint agus ag plé le chéile faoi na ceisteanna siúd is mó a bhfuil suim acu iontu, chun sraith smaointe deiridh nó conclúidí a chur le chéile ar deireadh. Tar isteach sa Chomhphobal Cleachtais!
Fóram plé

Glac páirt i bplé faoi na tionscnaimh is déanaí san oideachas eolaíochta! Ar fhóraim Scientix tá plé faoi leith faoi gach tionscadal agus do gach tír. Is féidir catagóir nua le plé a chruthú ach a iarraidh.
Tá na fóraim oscailte do chách; ach is gá clárú ar thairseach Scientix le páirt a ghlacadh sa phlé. Le postáil nua a chur, roghnaigh catagóir agus cliceáil ar an chnaipe “Postáil snáithe nua”. Tá cead agat scríobh i do rogha teanga.
Comhrá Scientix

Thig leat caidreamh a dhéanamh go díreach le húsáideoirí eile trí mheán uirlis comhrá Scientix. Le comhrá a thosú, is gá a bheith cláraithe ar an tairseach. I ndiaidh duit clárú, beidh an uirlis comhrá le feiceáil i gcúinne íochtair an leathnaigh ar dheis. Cliceáil ar an chnaipe “Cairde ar líne” le feiceáil cé hiad na húsáideoirí atá ar líne. Chun an fhuinneog “Comhrá” a oscailt agus tús a chur leis an chomhrá, cliceáil ar ainm an úsáideora. Sna socruithe is féidir a roghnú an bhfeiceann úsáideoirí eile go bhfuil tú ar líne nó nach bhfeiceann.
Conas comhrá a dhéanamh le ball eile de chuid an chomhphobail
Blag Scientix

Ceaptar blag Scientix mar spás do dhaoine agus do thionscadail a bhfuil baint acu le líonra Scientix lena scéalta pearsanta a fhoilsiú faoi ábhair reatha in oideachas eolaíochta san Eoraip. Cé gurb iad ionadaithe European Schoolnet, Tuarisceoirí Ambasadóirí Scientix agus Saorálaithe Ambasadóirí Scientix is mó a scríobhann sa bhlag, spreagtar gach ball eile de chomhphobal Scientix (.i. duine ar bith ar domhan a bhfuil baint aige in oideachas STEM) – agus fonn orthu a gcuid taithí a roinnt le Scientix – le páirt a ghlacadh.
Tá réimse míreanna éagsúla ann ar bhlag Scientix, ó thuairisciú ar ócáidí Scientix go barúlacha agus tráchtaireachtaí ar chúrsaí taighde agus cleachtais san oideachas STEM, agus sraith nuachta agus léirmheasanna ar fhoilseacháin ina measc.
Níl ach na húdair féin freagrach as na barúlacha a nochtar sna hailt a fhoilsítear i mblag Scientix agus ní hionann agus barúlacha an Choimisiúin Eorpaigh, European Schoolnet (EUN) nó Scientix iad.
Más mian leat cur leis an bhlag seo, scríobh chugainn ag scientix (at) eun.org