Eolas faoi Scientix

Tacaíonn Scientix le comhoibriú agus cuireann sé chun cinn é i measc múinteoirí, taighdeoirí oideachais, lucht déanta beartas agus gairmithe eile oideachais STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) ar fud na hEorpa.

I rith a chéad chéime (2009-2012), chruthaigh an tionscadal tairseach ar líne le tionscadail oideachais STEM Eorpacha agus a gcuid torthaí a bhailiú agus a chur i láthair, agus chuir sé roinnt ceardlann in eagar do mhúinteoirí. Ba é comhdháil Scientix an phríomhócáid líonraithe, a reáchtáladh i mí na Bealtaine 2011 sa Bhruiséil.

Ba é cuspóir na dara céime de chuid thionscadal Scientix (2013 – 2015) ná an comhphobal seo a mhéadú go dtí an leibhéal náisiúnta. Trí mheán líonra Pointí Teagmhála Náisiúnta (NCPanna), d’fhreastalaigh Scientix ar chomhphobail náisiúnta múinteoirí, agus chuidigh sé le straitéisí náisiúnta a fhorbairt chun go roghnaítear níos mó oideoirí cuir chuige bunaithe ar fhiosrú agus cuir chuige nuálacha eile maidir le hoideachas eolaíochta agus matamaitice.

Leantar ar aghaidh leis an ghníomhaíocht seo sa tríú céim de chuid Scientix (2016-2019), atá á maoiniú ag tionscadal Fís 2020 de cuid an Aontais Eorpaigh ar son taighde agus nuálaíochta. Is as tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bunaíodh Scientix an chéad lá riamh agus is é European Schoolnet a chomhordaíonn ón tús é; cuibhreannas tríocha aireacht oideachais atá lonnaithe sa Bhruiséil is ea European Schoolnet, agus é ag spreagadh nuálaíochta sa teagasc agus san fhoghlaim agus ag cothú comhoibrithe uile-Eorpaigh idir scoileanna agus idir mhúinteoirí.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, dul i dteagmháil le Pointe Teagmhála Náisiúta Scientix i do thír, é sin nó le lároifig Scientix ag European Schoolnet.

Cén tairbhe a thig leat a bhaineadh as Scientix?

Múinteoirí, taighdeoirí agus bainisteoirí tionscadal in oideachas STEM, agus lucht déanta beartas, is ea na príomhpháirtithe leasmhara de chuid Scientix. Baineann gach grúpa de na grúpaí seo taibhe as gníomhaíochtaí agus as ócáidí Scientix.

múinteoirí:

Taighdeoirí / bainisteoirí tionscadal:

Lucht déanta beartas:

Foilseacháin

  • 2015, Scientix results 2. How Scientix adds value to STEM education, European Schoolnet: an Bhruiséil, Íoslódáil
  • 2015, Scientix. Supporting collaboration in science, technology, engineering and mathematics education in Europe since 2010, European Schoolnet: an Bhruiséil, Íoslódáil
  • 2015, The Second Scientix Conference 24-26 October 2014. The results, European Schoolnet: Brussels, Íoslódáil
  • 2014, Scientix. The Community for science education in Europe, European Schoolnet: an Bhruiséil, Íoslódáil
  • 2011, Scientix. The Community for science education in Europe, An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta: an Bhruiséil, Íoslódáil

Teagmhaigh le comhghleacaithe STEM i do thír féin!

 

Pointí Teagmhála Náisiúnta

Is nasc tábhachtach iad Pointí Teagmhála Náisiúnta Scientix (NCPanna) idir Scientix ag leibhéal Eorpach agus gníomhaíochtaí atá ar bun i do thír féin. Bunaíonn siad caidreamh le comhphobail náisiúnta de ghairmithe STEM, cuireann siad eolas ar fáil faoi ghníomhaíochtaí Scientix agus eagraíonn siad ceardlanna náisiúnta, seimineáir ghréasáin agus gníomhaíochtaí eile. Téigh i dteagmháil leis an NCP i do thír féin!

Tuilleadh eolais

Ambasadóirí Scientix

Cuireann Ambasadóirí Scientix – baill dár bPainéal Múinteoirí Scientix – cuireann siad Scientix chun cinn agus cuireann siad eolas ar fáil faoi dá gcuid comhpháirtithe – múinteoirí eolaíochta agus matamaitice ar fud na hEorpa. Más mian leat léiriú faoi Scientix a eagrú i do scoil, nó mar chuid d’ócáid, thig leat dul i dteagmháil le hAmbasadóirí Scientix i do thír nó i do réigiún

Tuilleadh eolais

Bí páirteach i ngníomhaíochtaí Eorpacha!

Comhphobal Scientix

Cláraigh ar an tairseach le bualadh leis na mílte múinteoirí agus oideoirí eolaíochta eile ar thairseach Scientix. Mar úsáideoirí cláraithe, féadann sibh dul i dteagmháil go díreach le baill eile den chomhphobal agus bualadh leo!

Tuilleadh eolais

Gníomhaíochtaí oiliúna

Tairgeann Scientix do mhúinteoirí agus d’oideoirí eile freastal ar ghníomhaíochtaí oiliúna le tacaíocht a thabhairt d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD). Tá cead ag cách páirt a ghlacadh saor in aisce! Tharlaíonn na gníomhaíochtaí ar líne agus ag ócáidí duine le duine ar fud na hEorpa.

Tuilleadh eolais

Do do sheomra ranga!

Gailearaí na dtionscadal

Lorg tionscadail Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla in oideachas eolaíochta. Is féidir fiú iad a scagadh de réir na suimeanna atá agat!

Tabhair cuairt ar an ghailearaí

Taisclann na n-acmhainní

Is féidir taisclann acmhainní Scientix a chuardach le gach cineál ábhar teagaisc a fháil le húsáid i do rang eolaíochta!

Tabhair cuairt ar an taisclann

Aistrigh na hacmhainní is fearr leat!

An bhfuair tí acmhainn i dteanga eile ar mhaith leat úsáid? Fadhb ar bith! Féadaimid í a aistriú duit, saor in aisce!

Tuilleadh eolais faoi sheirbhís Scientix Aistriúchán ar Éileamh