Scientix live

Here you will find information about face-to-face activities organised by Scientix (e.g. workshops in European Schoolnet’s Future Classroom Lab or at other venues) and Scientix’s contributions to conferences, workshops and other events.

You can find the presentations, programmes, etc. of past events here, but you can also see at what events and when Scientix will be present in the future. 

Ceardlann na dtionscadal eolaíochta i Saotharlann Ranga na Todhchaí

Science Projects Workshops

Cuireann Saotharlann Ranga na Todhchaí (FCL), tionscadal neamhspleách de chuid European Schoolnet (EUN) agus é lonnaithe in oifig EUN i mBruiséil na Beilge, léibheann ar fáil mar a bhféadann lucht déanta beartas athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid straitéisí TFC agus mar a bhféadann múinteoirí, príomhoidí agus comhairleoirí TFC triail a bhaint as cuir chuige oideolaíocha nuálacha taobh istigh de thimpeallachtaí foghlama solúbtha. Cuireann sé ar fáil idir spás mór in-athchumraithe a bhfuil an teicneolaíocht is déanaí ann agus sheomra atá deartha mar sheomra ranga idirghníomhach le taispeáint conas ar féidir teicneolaíocht a úsáid i dtimpeallacht thraidisiúnta an tseomra ranga chun idirghníomhaíocht agus rannpháirtíocht na ndaltaí a mhéadú.

Eagraítear ócáidí eolaíochta san FCL faoin scáth-ainm “Ceardlann na dTionscadal Eolaíochta i Saotharlann Ranga na Todhchaí”. Ceapadh an téarma seo i rith chéad chéim thionscadal Scientix, i ndiaidh do Scientix céad Cheardlann na dTionscadal Eolaíochta i FCL a eagrú. Tá dhá aidhm ag na hócáidí seo, mar atá, múinteoirí a oiliúint in úsáid na dteicneolaíochtaí sa tseomra ranga in éineacht le hábhair agus le hoideolaíochtaí ó thionscadail, agus tionscadail eolaíochta a spreagadh le cur i gcomhar lena chéile

Léigh níos mó

Ceardlanna Scientix ag ócáidí eile

Scientix Workshops at other events

Bíonn ceardlanna Scientix ann i gcónaí in áiteanna éagsúla san Eoraip taobh istigh de chomhthéacs na n-ócáidí a eagraíonn tionscadail agus eagraíochtaí eile.

Tá mar aidhm ag na ceardlanna seo ná seirbhísí Scientix a chur i láthair do mhúinteoirí, do bhainisteoirí tionscadal nó do pháirtithe leasmhara eile in oideachas eolaíochta, é sin nó cur i láthair tionscadal oideachais eolaíochta eile a éascú.

Má tá eolas agat faoi ócáid mar a bhféadfadh Scientix cur leis an chlár nó más mian leat páirt a ghlacadh i gceardlann Scientix mar láithreoir, cuir r-phost chugainn ag agueda.gras (at) eun.org.

Léigh níos mó

Cuir i láthair Scientix

Scientix presentations

Chun eolas faoi Scientix agus faoina chuid seirbhísí a scaipeadh níos fairsinge i measc bainisteoirí tionscadal, múinteoirí agus taighdeoirí in oideachas eolaíochta, tá sé tábhachtach a bheith ann ag a oiread ócáidí agus is féidir (bíodh sin le póstaeir, le cuir i láthair nó le líonrú).

Dá mhéad ócáidí éagsúla a bhfuil na cuir i láthair seo ann, is ea is mó a bheidh Scientix ábalta cuidiú le tionscadail agus le tionscnaimh eile STEM.

Léigh níos mó

Seimineáir ghréasáin Scientix

Scientix Webinars

Eagraíonn Scientix seimineáir ghréasáin go rialta atá oscailte do chách saor in aisce! Is fóram oiliúna ar líne iad seimineáir ghréasáin, agus is iontach an deis iad d’oideoirí fanacht suas chun dáta le forbairtí i dteagasc agus i bhfoghlaim eolaíochta.

Bíonn na seimineáir ghréasáin uair an chloig ar fad de ghnáth agus is iontach iad do dhuine ar bith a bhfuil suim aige in ábhair spreagúla san oideachas STEM, amhail ríomhaireacht 1:1, foghlaim teanga sa rang eolaíochta, STEM i ranganna níos ísle sa scoil, nó ionsamhluithe eolaíochta ar líne in Oideachas Eolaíochta ar Bhonn Fiosraithe (IBSE).

Léigh níos mó

Moodle Scientix

Scientix Moodle

Dearadh Moodle Scientix mar léibheann piarfhoghlama le dea-chleachtadh a mhalartú idir mhúinteoirí STEM. D’fhorbair múinteoirí as tíortha éagsúla na cúrsaí is déanaí ar léibheann Moodle, agus iad ag roinnt a gcuid taithí ó uirlisí agus oideolaíochtaí éagsúla a úsáid ina seomra ranga. Cúrsaí féinluais atá iontu agus fáil ortha ag duine ar bith, am ar bith. Ní gá d’úsáideoirí cuntas Moodle a chruthú chun iad a leanúint.

Ó Mheán Fómhair 2016 go Feabhra 2017, is é Moodle Scientix an príomh-léibheann a úsáidtear don dá Chúrsa Oiliúna Ambasadóirí Scientix, a eagraíonn Scientix.

Tabhair cuairt ar an Moodle

Imeachtaí atá le teacht